Biblio Discovery — Demo Discovery Service

77 hasil

Menampilkan 1–20 · 0,17 detik · RSS

Jurnal

COMHARTaighde

ISSN 2009-8626 · Comhar Teoranta · 77 artikel di indeks

  1. Artikel Jurnal

    Gaeilge Mhanann sa litriú Gaelach

    Christoper Lewin

    COMHARTaighde, Vol. 8 · 2022 · DOAJ

    Déanann an t‑alt seo plé ar roinnt iarrachtaí a rinneadh ón ochtú haois déag i leith le Gaeilge Mhanann a scríobh i leaganacha den ghnáthortagrafaíocht Ghaelach, in áit an chórais dhúchasaigh atá bunaithe ar an mBéarla as a mbaintear úsáid de ghnáth. Faightear na téacsanna seo i dtrí chomhthéacs…

  2. Artikel Jurnal

    A dh’ionnsaigh Mion-Litreachais: Deleuze is Guattari agus Litreachas na Gàidhlig

    Nathaniel Harrington

    COMHARTaighde, Vol. 7 · 2021 · DOAJ

    Beachdaichidh an t‑alt seo air cleachdadh teòiridh litreachasail iar-structarail an luchd-teoìridh Fhrangaich Gilles Deleuze is Gélix Guattari, gu sònraichte an aiste ainmeil aca ‘Qu’est-ce qu’une littérature mineure?’ [‘Dé th’ ann am mion-litreachas?’]. Tòisichear le mìneachadh goirid air a’…

  3. Artikel Jurnal

    Feasacht teanga an mhúinteora ábhair iarbhunscoile sa tumoideachas: dearcthaí, eispéiris agus tuairimí múinteoirí ábhair i nGaelcholáistí

    Christine Ní Chathasaigh; T.J. Ó Ceallaigh

    COMHARTaighde, Vol. 7 · 2021 · DOAJ

    Úsáidtear an sprioctheanga mar mheán chun an t‑ábhar agus an teanga araon a theagasc sa tumoideachas. Mar sin, is é comhtháthú an ábhair agus na teanga atá lárnach i gcur i bhfeidhm an tumoideachais éifeachtaigh (Cammarata agus Ó Ceallaigh 2020). Dhealródh sé, mar sin, gur cheart go mbeadh…

  4. Artikel Jurnal

    Turas na dTaoiseach Ultach as Éirinn: Dialann Taistil nó Taisteal Anama?

    Mícheál Mac Craith

    COMHARTaighde, Vol. 7 · 2021 · DOAJ

    Cé gur tugadh dialann ar Turas na dTaoiseach Ultach as Éirinn, is beag an chabhair a thugann an rangú seo dúinn chun léargas ceart a fháil ar cheapadóireacht Thaidhg Uí Chianáin. Siúd is go gcuimsíonn an reacaireacht beagnach cúig mhí dhéag, caitear níos mó ná daichead faoin gcéad den chuntas ar…

  5. Artikel Jurnal

    ‘Gaoth Anoir’ le Conleth Ellis agus an ré iar-Chernobyl

    Laoighseach Ní Choistealbha

    COMHARTaighde, Vol. 7 · 2021 · DOAJ

    Téann an t‑alt seo i ngleic leis an dán fada ‘Gaoth Anoir’ leis an fhile dátheangach Conleth Ellis. Pléann an dán an saol tar éis an phléasctha i bhfreasaitheoir uimhir a ceathair i stáisiún núicléach Chernobyl ar an 26 Aibreán 1986. Foilsíodh an dán den chéad uair in 1988 ach níor cnuasaíodh é go…

  6. Artikel Jurnal

    Léirmheas: Titley

    Radvan Markus

    COMHARTaighde, Vol. 7 · 2021 · DOAJ

  7. Artikel Jurnal

    Breithiúnas an Bhoird Snip Nua agus Toil an Troika: Polasaí Gaeilge i bPoblacht na hÉireann, 2008–2018

    Ben Ó Ceallaigh

    COMHARTaighde, Vol. 7 · 2021 · DOAJ

    Déantar plé san alt seo ar pholasaí Gaeilge i bPoblacht na hÉireann sna deich mbliana a lean cliseadh eacnamaíochta 2008. Cé go ndearnadh athruithe móra ar pholasaithe teanga le linn na géarchéime seo — an ghéarchéim ba mhó i stair an stáit — is beag iarracht a rinneadh go dtí seo i litríocht…

  8. Artikel Jurnal

    Gaisce An Guth

    Alan Titley

    COMHARTaighde, Vol. 6 · 2020 · DOAJ

    Tuairisc agus plé atá san aiste seo ar an iris filíochta An Guth ar foilsíodh seacht n‑eagrán de idir 2003 agus 2012. Iris nó irisleabhar ba ea é, a chuir an file Rody Gorman in eagar, inar foilsíodh bunfhilíocht sa Ghaeilge agus sa Gháidhlig araon, maraon le haistriúcháin ó theangacha éagsúla…

  9. Artikel Jurnal

    An nua-aoiseachas liteartha agus filíocht Phádraig Mhic Fhearghusa

    Liam Mac Amhlaigh

    COMHARTaighde, Vol. 6 · 2020 · DOAJ

    Tá dhá chuspóir leis an alt seo: cur leis an mbeagán critice foilsithe ar shaothar an fhile Pádraig Mac Fhearghusa le cúiteamh éigin a thabhairt ar an bhfaillí shuntasach i gcritic na Gaeilge a fhágann a scothshaothar seo gan an anailís agus an ceiliúradh atá tuillte aige; agus brí a bhaint as…

  10. Artikel Jurnal

    Titim na Banríona: Léamh ar an Ghearrscéal ‘Nábla agus Paidí’ le Seán ’Ac Fhionnlaoich

    Lillis Ó Laoire

    COMHARTaighde, Vol. 6 · 2020 · DOAJ

    I gcomhthéacs forléargais ghearr ar an litríocht réigiúnach, mionmhíniú é an t-alt seo ar ‘Nábla agus Paidí’, scéal le Seán ’Ac Fhionnlaoich (1910–1982). Léirítear gur scéal é a tharraingíonn as sísheanchas an bhéaloidis agus as tuiscintí an ghearrscéil nua-aimseartha araon. Éiríonn leis an údar…

  11. Artikel Jurnal

    ‘A bhean úd thíos ar bhruach an tsrutháin’: an teanga fhíortha agus próiseas an deasghnátha i seoithín traidisiúnta ó Ghaeltacht Mhúscraí

    Tríona Ní Shíocháin

    COMHARTaighde, Vol. 6 · 2020 · DOAJ

    Déanfar plé sa pháipéar seo ar choincheap Bhean an Leasa mar atá le fáil sa seoithín traidisiúnta ‘A bhean úd thíos ar bhruach an tsrutháin’ ó Ghaeltacht Mhúscraí. Ba ghnáthchuid de chleachtais thraidisiúnta amhránaíochta é an seoithín a bhí ceangailte go dlúth le saol an teaghlaigh agus le cúram…

  12. Artikel Jurnal

    An Litir Abú, an Litir Amú: Tríológ Liam Mhic Cóil

    Mícheál Mac Craith

    COMHARTaighde, Vol. 6 · 2020 · DOAJ

    Tá na tréithe ar fad a bhaineann le seánra an scéinséara staire le sonrú ar thríológ Liam Mhic Cóil, An Litir (2011), I dTír Strainséartha (2014) agus Bealach na Spáinneach (2019): eachtraíocht, contúirt, fionraí, scleondar. Is i gcathair na Gaillimhe in Earrach na bliana 1612 a thosnaíonn an scéal…

  13. Artikel Jurnal

    Bìrlinn Chlann Raghnaill: Long a fuair foscadh in Éirinn

    Peadar Ó Muircheartaigh

    COMHARTaighde, Vol. 6 · 2020 · DOAJ

    Déantar luathstair an dáin Albanaigh Bìrlinn Chlann Raghnaill le hAlasdair Mac Mhaighstir Alasdair a chíoradh san alt seo. Scrúdaítear luathchóip den dán a chaomhnaítear i measc pháipéirí Chathail Uí Chonchúir (1710–1791) in Acadamh Ríoga na hÉireann, d’fhonn léargas a thabhairt ar luathstair…

  14. Artikel Jurnal

    Foilsiú, míniú agus aistriú Gaeilge na hAlban in Éirinn

    Wilson McLeod

    COMHARTaighde, Vol. 6 · 2020 · DOAJ

    Déanann an t-alt seo machnamh ar na bealaí éagsúla inar cuireadh téacsanna i nGàidhlig na hAlban i láthair i leabhair agus in irisleabhair Ghaeilge ó thús an fichiú haois. Cé go bhfuil dlúthbhaint ag Gaeilge na hÉireann agus Gàidhlig na hAlban lena chéile, tá sé sách doiléir a mhéid is féidir le…